Fáilte 's Fiche go Gaeltacht Bheo na nDéise
Comhlacht Forbartha na nDéise, Gaeltacht na nDéise, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge. Ríomh-phost: Gutháin: (058) 46752
Notaí na Gaeltachta / Gaeltacht Notes (01/04/2010)
Grúp-thaispeántas na Cásca i nDánlann Joan Clancy
“Is fiú go mór turas a thabhairt ar Thaispeántas na Cásca i nDánlann Joan Clancy” arsa Con Power san eagrán reatha den Irish Arts Review.
Tá bailiúchán iontach sa Dánlann, ina measc saothair úrnua ó bhuaiteoir IFTA Ross Stewart, a bhí mar Stiúrthóir Ealaíne ar an scannán ‘The Secret of Kells’, a ainmníodh i gcomhair Academy Award, agus ó Rayleen Clancy, Arthur Maderson, Blawnin Clancy, Katarzyna Gajewska, Dave West, Andrea Jameson, Martin Stone, Sinéad Hehir, Eilís O’Toole, Sinéad Ní Chionaola agus daoine eile; ní féidir na praghasanna a shárú agus is am iontach anois é chun saothar ealaíne a cheannach.
Tá Dánlann Joan Clancy lonnaithe sa Rinn in aice le Coláiste na Rinne, 10clm ó dheas ó Dhún Garbhán agus ag féachaint anuas ar Chuan Dhún Garbhán, trasna ar na Comaraigh agus soir ar chósta Chontae Phort Láirge. Tá sé 12clm ón Aird Mhór. An-áisiúil do theaghlaigh atá ag tabhairt cuairte ar na paistí i Scoil na Leanaí. Páirceáil saor in aisce.
Grúp-thaispeántas na Cásca i nDánlann Joan Clancy, Maoil a’ Choirne, An Rinn, Dún Garbhán, Co Phort Láirge: 1-5 Aibreán & 10 - 11 Aibreán. Oscailte 11r.n. - 5i.n. le linn na laethanta atá luaite agus trí choinne chomh maith.
Teil: 086 813 4597
Easter Group Show in Joan Clancy Gallery
“The Easter Show in Joan Clancy Gallery is worth checking out” says Con Power in the current issue of Irish Arts Review. Joan Clancy Gallery offers a stunning collection including recent works from IFTA winner Ross Stewart Art Director on Academy Award nominated The Secret of Kells, and also from Rayleen Clancy, Arthur Maderson, Blawnin Clancy, Katarzyna Gajewska, Dave West, Andrea Jameson, Martin Stone, Sinead Hehir, Eilis O’Toole, Sinead Ni Chionaola and others; prices have never been better and now is a great time to buy art. Joan Clancy Gallery is located 10K south of Dungarvan in An Rinn (Ring) near Coláiste na Rinne Irish College, overlooking Dungarvan Bay, the Comeraghs and coastline of Co Waterford. 12k from Ardmore. Very convenient for families visiting the paistí in Scoil na Leanaí. Free parking. Easter Group Show in Joan Clancy Gallery, Mullinahorna, Ring, Dungarvan, Co Waterford: April 1 - 5 & April 10 - 11. Open 11am - 5pm during advertised times and also by appointment. Phone: 086 813 4597.
Glantachán Bóthar
De bharr an ollmhéid bruscair atá ar an mbóthar R674 idir an N25 (Cantwell’s) agus Crosaire Roibeárd, tá sé beartaithe ag Coiste Forbartha an tSean-Phobail agus Comhairle Pobail na Rinne teacht le chéile chun an bruscar a ghlanadh. Is faoin mbrat Pobal na Gaeltachta a bheimid ag obair. Socrófar dáta don nglantachán do Aibreán 2010 agus déanfar liosta rannpháirtithe roimh ré. TÁ DO CHABHAIR UAINN. Má tá suim agat cabhrú san iarracht, fág teachtaireacht do Anne-Marie de Búrca ar 0879141494 nó ag eolas@deise.ie. Cuirfear bibeanna ardfheictheachta ar fáil ar an lá. Beidh socraithe sábháilteachta bóthair déanta agus beidh tacaíocht againn ó fheachtas An Taisce - National Spring Clean
Road-Litter Clean-up
Because of the large amounts of litter on the R674 between the N25 (Cantwell’s) and Robert’s Cross, Coiste Forbartha an tSean-Phobail and Comhairle Pobail na Rinne have decided to come together to remove the litter from this section of road. We will work jointly as Pobal na Gaeltachta in this effort. A date for the clean-up will be arranged for April 2010. WE NEED YOUR HELP to make this a success. If you are interested in helping, leave a message for Anne-Marie de Búrca on 0879141494 or at eolas@deise.ie. Hi-vis bibs will be provided on the day and road safety measures will be in place. This effort is support by An Taisce’s National Spring Clean.
Comhlucht Forbartha na nDéise - Páirc Spraoi
Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag iarradh Páirc Spraoi a thógaint i mBaile na nGall, sa Rinn. Táimid ag lorg daoine a bheadh sásta suí ar choiste agus a bheith i bhfeighil an tógra tábhachtach seo. Téir i dteangmháil le Anne-Marie de Búrca má tá uait a bheith ar an gcoiste seo ar 087 9141494 gach lá nó 058 46752 ar an Luan ó 9.00i.n. go dtí 5.00i.n.
Ciorcal Comhrá na nDéise
Beidh an Ciorcal Comhrá ag teacht le chéile gach Máirt i rith Mí Márta agus Aibreán ó 7pm go dtí 8.30pm sa Marine Bar sa Rinn. Bheadh na múrtha fáilte romhat a bheith linn! Glaoigh ar Cabríní ar 087-6532044 chun eolas a fháil maidir lena hionaid eile ina bheas muid ag teacht le chéile sa todhchaí. Má tá scéal agat, inis dúinn í, nó bí ag éisteacht más fearr leat!
Ciorcal Comhrá na nDéise Conversation Circle provides an opportunity to converse through Irish, whatever your level of ability, in a friendly and informal setting. Every Tuesday from 7pm to 8.30pm in the Marine Bar, An Rinn during March and April. Contact Cabríní on 087-6532044 for further information. Listeners welcome as well as talkers! Bí Linn agus Fáilte!
Seisiúin Eolais faoin ‘Oíche Chultúrtha’
Dé Luain 26 Aibreán An Daingean, Co. Chiarraí 10 r.n.
Dé Máirt 27 Aibreán 2010 Indreabhán, 10.00 r.n
Beidh deis ag pobal na Gaeltachta eolas a fháil ar na himeachtaí atá á bheartú ar fuaid na tíre, don Oíche Chultúrtha atá á eagrú faoi choimirce Taisce Chultúrtha Teampaill an Bharra, 24ú Meán Fómhair 2010. Tionólfar cruinnithe leis na deiseanna a bhaineann leis an Oíche Chultúrtha a reachtáil sa Ghaeltacht, in Indreabhán agus sa Daingean ar an Luan 26ú agus Máirt 27ú Aibreán seo chugainn. Is ócáid ollmhór í an oíche Cultúrtha a thugann árdán tábhachtach do shaol cultúrtha na tíre seo. Eagraítear na céadta imeachtaí cultúrtha in aon oíche amhaín, agus bíonn siad uilig oscailte don phobal agus saor in aisce. Bíonn na himeachtaí ar siúl I ngach cineál ionad agus láthair: iarsmalanna, gailearaithe, amharclanna, stiuideóanna, amuigh faoin aer. Cuirfear fáílte croíiúl roimh an bpobal a bheith páirteach. Cruthaíonn an oíche cultúrtha íomha dearfach agus cumhachtach don chultúr agus léirítear an dea-thionchar a bhíonn aige ar gach réímse den shocaí. Tugann an fhéile deis don phobal caidreamh a chothú leis an timpeallacht chultúrtha atá thart orthu ar bhealach samhlaíoch agus nuálach. Cruthaítear gaol láidir idir an pobal, (idir óg agus aosta), agus an saol cultúrtha, agus cothaítear rainnpháirtíocht i gcúrsaí cultúrtha. Is iad Taisce Chultúrtha Bhaile an Teampaill a eagraíonn an fhéile. Beidh an oíche cultúrtha ar siúl ar an Aoine 24 Meán Fómhair i mbliaina. Tá comhráití ar siúl le tamall idir Taisce Chultúrtha Bhaile an Teampaill agus Ealain na Gaeltachta faoin Gaeltacht a bheith mar pháirt den Oíche Chulturtha, 2010. Ba mhaith le Taisce Chultúrtha Bhaile an Teampaill cuireadh agus spreagadh a thabhairt don Ghaeltacht a bheith páirteach leo san imeacht agus comhoibiriú le hEalaín na Gaeltachta Teo agus le heagrais chultúrtha agus turasóireachta eile chun go dtarlóidh sé seo.
Tuilledh Eolais:
Muireann Ní Dhroighneáin, Áisitheoir Ealaíon, (091) 503220 nó m.nidhroighneain@udaras.ie
Eibhlín de Paor, Áisitheoir Ealaíon (066) 9150100 e.depaor@udaras.ie
Eolas Teagmhála / Contact Information
Má tá uait aon rud a chur isteach i Nótaí na Gaeltachta téir i dteagmháil le Anne-Marie de Búrca ar 087 9141494, nó is féidir leat e-phost a chuir chuici ag eolas@deise.ie. If you would like to advertise anything in Nótaí na Gaeltachta please contact Anne-Marie de Búrca on 087 9141494 or email eolas@deise.ie.