Ring and Old Parish, Co. Waterford
Siopa

Oíche Chultúir / Culture night

Beidh ceolchoirm den scoth ar siúl i Halla Cholmáin sa Sean Phobal ar an Aoine, 19 Meán Fómhair mar chuid den oíche chultúir. Beidh Dónal Clancy agus Ciarán Ó Gealbháin ag dul chun stáitse ag 8.30 i.n. agus oíche iontach geallta. Níl aon táille don cheolchoirm, é mar sprioc ag an oíche chultúir daoine a mhealladh amach chun an cultúr iontach sa tír seo a bhlaiseadh. Más ea, cuir an dáta 19 Meán Fómhair sa dialann don seans iontach seo beirt de na hamhránaithe / ceoltóirí is fearr sa tír seo a fheiscint ar stáitse.

Lovers of music and song will have a unique opportunity to see two of Waterford's best know musicians and singers, Dónal Clancy and Ciarán Ó Gealbháin, perform in Halla Cholmáin, an Sean Phobal on Friday 19th September. As part of the national Culture Night, this free concert
will begin at 8.30 pm and is sure to attract a large crowd.

Naíonra an tSean Phobail - Lios na Síog – Lá caife!

Beidh lá caife ar siúl ag tigh Tony agus Margaret Tobin ar an Aoine, 26 Meán Fómhair óna 9 ar maidin go dtína 9 san oíche.   Baileofar airgead ar an lá don naíonra sa Sean Phobal.  Tá tacaíocht an phobail ag teastáil chun an tseirbhís iontach seo a choimeád ar siúl agus seo an chéad chuid den bhfeachtas bailithe airgid i mbliana.  Buail isteach ar an lá le haghaidh cupán caife, caint agus comhluadar. A Coffee Day will be held in Tony and Margaret Tobin’s house in an Sean Phobal on Friday, 26 September from 9 in the morning until 9 at night.  In order for Naíonra an tSean Phobail to continue its great service it provides to the youth of the parish, it is now necessary to raise funds.  We are starting our fundraising campaign by hosting a coffee morning / day and your support would be greatly appreciated.

Ranganna Cócaireachta sa Sean Phobal / Vegetarian Cookery Classes

Beidh an cócaire áitiúil, Alan Blakely, ag tosnú ar ranganna cócaireachta sa Sean Phobal go luath.  Beidh na ranganna dírithe ar veigeatóirí agus beidh oíche chlárúcháin/oíche eolais ar an Luan, 15 Meán Fómhair ag 7.30 i.n. i Halla Cholmáin.  Beidh táille €50 i gceist do na ranganna agus baileofar an táille seo ar an oíche.  Tuilleadh eolais ó Alan ar 087 637 7769. Local chef, Alan Blakely, is organising Vegetarian Cookery Classes in Halla Cholmáin, An Sean Phobal, commencing with an information and registration night on Monday, 15th September at 7.30pm.  A €50 Registration fee will be taken on the night.  For further information, contact Alan on 087 637 7769.

Húlaí – Ranganna ag tosnú / classes return

Tá clárú ar siúl faoi láthair do na ranganna amhránaíochta agus ceoil a bheidh ag tosnú ag deireadh na míosa seo.  Tá réimse leathan ar fáil arís an téarma seo, i Scoil Gharbháin ar an gCéadaoin agus i Meánscoil San Nioclás ar an Aoine.  Maidir leis na ranganna sa Rinn, tosnóidh siad ar an 19 Meán Fómhair i mbliana agus críochnóidh an téarma ar an 5 Nollaig.  Seo an amhchlár don Aoine:

  • 3.45 – 4.15 - Feadóg Stáin agus feadóg mhór; Bainseó agus fidil (bunléibhéal); buntús an cheoil.
  • 4.15 – 4.45 – Bodhrán; amhráníocht ar an sean-nós, consairtín agus bosca ceoil (bunléibhéal)
  • 4.45 – 5.15 – Rince (tosnaitheoirí); bodhrán II; consairtín agus bosca ceoil (idirmheánach)
  • 5.15 – 6.00 – Rince II (idirmheánach); Grúpaí ceoil (9 mbliana d’aois agus ábalta uirlis a sheinnt).

An costas do rang amháin - €70; 2 rang - €100 agus 3 rang €130.

Lacáiste breise do theaghlaigh le níos mó ná triúr.  Cláraigh roimh 12 Meán Fómhair le bhur dtoil.  Breis eolais ó Mary Rafferty ar 087 271 4671 nó This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

It’s all systems go for a packed term with Húlaí music, dance and singing classes.  Classes will be held on Wednesdays in Scoil Gharbháin, Dungarvan and on Fridays in Meánscoil San Nioclás, an Rinn.  The classes will commence in on Rinn on Friday, 19th September.  There is a huge range of classes available again this year.  For further information, contact Mary on 087 271 4671 or This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Páirc uile aimsire

Is féidir an pháirc uile aimsire a chur in áirithe tré glaoch a chur ar Ann Hogan ar 086-1655137. The all-weather pitch in An Sean Phobal can be booked by calling Ann Hogan on 086-1655137

Cumann Naomh Uinseann de Pól / SVP

Má theastaíonn ó éinne teagmháil a dhéanamh le Cumann Naomh Uinseann de Pól sa cheantar, is féidir teacht orthu ag (058) 46125 nó 085-1520494. The contact numbers for the An Rinn / An Sean Phobal branch of St Vincent de Paul are (058) 46125 nó 085-1520494.

Nuacht /

News

An nuacht is déanaí ó Ghaeltacht na nDéise le fáil anseo.

The latest news and upcoming events from Gaeltacht area.

Maidir Linn

About

Tá mar sprioc ag an gComhlucht Forbartha buanú agus neartú na Gaeilge i nGaeltacht na nDéise maraon le seirbhísí den scoth a bheith ar fáil.

The aim of the Comhlucht is to promote the Irish language and to improve community facilities.

Cuairteoirí

Visitor Information

Is fiú go mór turas a thabhairt ar Ghaeltacht na nDéise. Cuirfear fáilte mhór romhat go dtí ceann de na háiteanna is áille in Éirinn.

All the information your require for your visit to the Waterford Gaeltacht.

Suíomh

Location

Tá Gaeltacht na nDéise suite in oir-dheisceart na tíre, cúig mhíle ó Dhún Garbhán.

The Waterford Gaeltacht is situated 5 miles from the town of Dungarvan in the south east of Ireland.

Comhlucht Forbartha na nDéise
Ionad Pobail na Rinne, An Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge.

Phone: 058 46664
Email: cfdeise@gmail.com