Ring and Old Parish, Co. Waterford
Siopa

Nótaí na Gaeltachta 10.09.2018

Oíche Chultúir – Dé hAoine 21 Meán Fómhair

Beidh oíche chultúir linn arís tráthnóna Dé hAoine 21 Meán Fómhair 2018. Beidh dhá imeacht ar siúl i nGaeltacht na nDéise d'oíche chultúir. Beidh taispeántas ag Dánlann Joan Clancy idir 5 -9pm, tuilleadh eolais: 086 813 4597 / This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.. Beidh ceolchoirm ar siúl i Halla Cholmán sa Sean Phobal ag 8i.n. leis na ceoltóirí aitheanta Caoimhín Ó Fearghail, Paddy Tutty agus aoi speisialta Dónal Clancy. Tuilleadh eolais 058 46664 / This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.. Mar is gnáth beidh gach ócáid saor in aisce agus tá fáilte roimh chách.

Culture Night will be here again on Friday 21st September. There will be two events taking place in Gaeltacht na nDéise. There will be an exhibition in Joan Clancy Gallery from 5-9pm, further info 086 813 4597 / This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.. There will also be a concert in Halla Cholmán in An Sean Phobal at 8pm with the renowned musicians Caoimhín Ó Fearghail, Paddy Tutty and special guest Dónal Clancy. Further info: 058 46664 / This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.. As usual, all events will be free and all are welcome to attend.

Coiste Maisithe na Rinne

Beidh glanadh na dtránna ar siúl ag Coiste Maisithe na Rinne 2-4in, Dé Sathairn 15 Meán Fómhair ag An Coinigéar, Poll a' Phúca, Baile na nGall agus Heilbhic. Cuirfear málaí bruascair ar fáil. Tá fáilte roimh chách, tabhair leat na páistí chomh maith! Tuilleadh eolais: 087 986 0532.

An Rinn Peninsula Community Group are holding a Clean Coasts Beach Clean between 2-4pm on Saturday September 15th on the following beaches in An Rinn: An Coinigéar, Poll a' Phúca, Baile na nGall and Heilbhic. Bags will be provided. Everybody is welcome to pitch in. Bring the kids too! Info: 087 986 0532.

Seirbhís Bus i nGaeltacht na nDéise

Tá seirbhís bus idir Aird Mhór agus Dún Garbhán ar fáil anois. Tá stadanna in An Sean Phobal, Heilbhic, Baile na nGall, ag Oifig an Phoist agus i Maoil 'a Choirne. Seirbhís ceithre uair sa ló, Luan go Satharn atá ann. Tuilleadh eolas ar www.locallinkwaterford.ie

An Ghaeltacht CLG - Treallamh dara láimhe.

Tá An Ghaeltacht ag lorg treallamh CLG dara láimhe atá agat sa mbaile! Camáin, clogaid, buataisí, láimhíní srl. Is féidir linn an treallamh seo a úsáid sna scoileanna agus bheadh sé thar a bheith úsáideach. Labhair le coach do pháiste má tá aon rud agat. Is féidir treallamh a fhágaint leis na coaches ag Halla Pobail Na Rinne aon oíche Aoine.

Spraoi – Grúpa Súgartha na Rinne

Tiocfaidh Spraoi, Grúpa Súgartha do thuismitheoirí agus páistí, le chéile i Halla Pobail na Rinne ar an Aoine beag seo ón 10r.n. go 12i.n. Beidh comhrá deas agus cupán tae/caifé ar fáil. Tuilleadh eolais: tar i dteagmháil le Bríd: 087 7470428.

Grúpa Súgartha i nDún Garbhán

Beidh grúpa súgartha do leanaí agus tuismitheoirí ag teacht le chéile Dé Máirt i nDún Garbhán. Tá an grúpa lonnaithe i Leabharlann Dhún Garbhán gach Máirt ón 10.30r.n. go 12i.n. Beidh scéalaíocht, rannta, ealaíon agus cluichí. Tuilleadh eolais: téigh i dteagmháil le Cabríní 083-4455914 nó cuir r-phost ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it..

An Irish language playgroup will meet in Dungarvan Library from 10.30am to 12pm on Tuesday. Further information: contact Cabríní on 083-4455914 or email This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Scéim TÚS

An bhfaigheann tú an Liúntas Cuardaitheora Poist? An bhfuil tú dífhostaithe agus ag iarraidh obair a dhéanamh ar tograí pobail? Bíonn deiseanna ar fáil faoin scéim TÚS do dhaoine dífhostaithe sa Rinn agus sa Sean Phobal. Más rud é go bhfuil tú faoi 25 bliain d'aois, tá buntáiste mór ar fáil. Déan teagmháil le cigire TÚS Cian O hAileasa ag 087 3770256 nó Bainisteoir Comhlacht Forbartha na nDéise, Críostóir Ó Faoláin ag 058 46664 nó This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Are you on job seekers allowance? Are you Unemployed and interested in working in Local Community Projects? Tús provides work opportunities for all unemployed people in the An Rinn/An Sean Phobal area. If you are less than 25 years of age there will be a major financial incentive for participating. Contact the Tús supervisor Cian O hAileasa at 087 3770256 or the manager of Comhlacht Forbartha na nDeise, Críostóir Ó Faoláin 058 46664.

Cairde na Gaeltachta

Buaileann Cairde na Gaeltachta, Cumann Gníomhaíochta Lucht Scoir i nGaeltacht na nDéise, le chéile an céad Máirt den mhí ag 3i.n. in Ionad Pobail na Rinne. Tá fáilte is fiche roimh cách.

Seirbhís Dochtúra

Bíonn an Dr Gráinne Ní Fhoghlú ar fáil i gcomhair coinne in Ionad Pobail na Rinne, Dé Máirt agus Déardaoin ach é a chur in áirithe roimh ré. Déan teagmháil le Strandside Medical i gcomhair tuilleadh eolais, 058 41227.

Dr Gráinne Ní Fhoghlú is available on appointment in the Health Centre in Ionad Pobail na Rinne on Tuesday and Thursday. Contact Strandside Medical for further information, 058 41227.

Cumann Naomh Uinseann de Pól

Má theastaíonn ó éinne teagmháil a dhéanamh le Cumann Naomh Uinseann de Pól sa cheantar, is féidir teacht orthu ag (058) 46125 nó 085-1422902.

The contact numbers for the An Rinn / An tSean Phobail branch of St Vincent de Paul are (058) 46125 or 085-1422902.

Scéim Foláireamh do Sheanóirí

Más maith leat cnaipe práinne agus siogairlín a fháil faoin Scéim Foláireamh do Sheanóirí, tar i dteagmháil linn – 058 46664, This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it..

If you think you could benefit from a panic button and pendant under the Seniors Alert Scheme, contact us on 058 46664, This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it..

Meáin shóisialta / teagmháil / contact

Is féidir an nuacht is déanaí agus eolas faoi imeachtaí a bheidh ar siúl sa Rinn agus sa Seanphobal a fháil ar an leathanach Facebook atá ag an gComhlucht Forbartha agus táimid ar fáil ar Twitter anois chomh maith – @cfdeise. If anybody has events / news to be included in Nótaí na Gaeltachta, send them to This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. or 058-46664.

 

Nuacht /

News

An nuacht is déanaí ó Ghaeltacht na nDéise le fáil anseo.

The latest news and upcoming events from Gaeltacht area.

Maidir Linn

About

Tá mar sprioc ag an gComhlucht Forbartha buanú agus neartú na Gaeilge i nGaeltacht na nDéise maraon le seirbhísí den scoth a bheith ar fáil.

The aim of the Comhlucht is to promote the Irish language and to improve community facilities.

Cuairteoirí

Visitor Information

Is fiú go mór turas a thabhairt ar Ghaeltacht na nDéise. Cuirfear fáilte mhór romhat go dtí ceann de na háiteanna is áille in Éirinn.

All the information your require for your visit to the Waterford Gaeltacht.

Suíomh

Location

Tá Gaeltacht na nDéise suite in oir-dheisceart na tíre, cúig mhíle ó Dhún Garbhán.

The Waterford Gaeltacht is situated 5 miles from the town of Dungarvan in the south east of Ireland.

Comhlucht Forbartha na nDéise
Ionad Pobail na Rinne, An Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge.

Phone: 058 46664
Email: cfdeise@gmail.com