Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag tabhairt faoi scéim phíolótach dhá bhliain le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta chun bainisteoir faoi oiliúint a earcú. Díreoidh an bainisteoir faoi oiliúint ar thionscadail shonracha atá mar chuid de chlár oibre na heagraíochta. Tabharfar taithí maidir le tograí a bhainistiú, a fhorbairt agus a thabhairt chun críche. Beidh deis ag an mbainisteoir faoi oiliúint scileanna a fhorbairt ionas go mbeidís in ann feidhmiú mar bhainisteoir ar eagraíocht forbartha pobail amach anseo. Cuirfidh Bainisteoir Chomhlucht Forbartha na nDéise treoir agus comhairle ar fáil don té a cheapfar ó lá go lá agus beidh teagmháil rialta le feidhmeannach ón Údarás maidir le dul chun cinn an clár oibre. Tabharfaidh an bainisteoir faoi oiliúint faoi chúrsa oiliúna le linn na tréimhse dhá bhliain. Ní mór ardchaighdeán Gaeilge a bheith ag an té a cheapfar. Tuasastal €36,450 – €40,000 in aghaidh na bliana. Seol CV agus litir iarratais chuig cfdeise@gmail.com. Gach eolas ó Cabríní de Barra ar 083 445 5914.
Beidh na tréithe seo a leanas de dhíth ón té a cheapfar:
Eagraithe agus tiomanta.
Ábalta glacadh le treoir.
Ábalta obair as a stuaim féin ó lá go lá chomh maith, gan gá le mion-bhainistaíocht.
Dúil i bhfoghlaim, i scileanna nua a fhorbairt, agus dul chun cinn a dhéanamh.
Scileanna mhaith cumarsáide, idir labhairt & scríobh, i nGaeilge agus i mBéarla
Solubtha ó thaobh uaireanta oibre, ag brath ar riachtanais na tograí éagsúla a fhorbairt & a chur i gcrích agus riachtanais na heagraíochta
