Bainisteoir faoi Oiliúint tosaithe!

Thosaigh Ruadhán Ó Floinn mar Bhainisteoir faoi Oiliúint le Comhlucht Forbartha na nDéise i Feabhra 2026. Is ón Rinn é Ruadhán agus d’fhreastal sé ar Scoil Náisiúnta na Rinne agus Meánscoil San Nioclás roimh dul chuig an Ollscoil. Tá sé anois tosaithe ar Dioplóma sa Forbairt Pobail Inbhuanaithe mar chuid lárnach dá ról mar Bhainisteoir faoi Oiliúint. Beidh Ruadhán i mbun tograí faoi leith mar chuid dá ról, ina measc tograí chun tacú le forbairt turasóireachta inbhuanaithe agus leis an timpeallacht sa cheantar. Tá an-áthas ar Chomhlucht Forbartha na nDéise fáilte a chur roimh Ruadhán agus guíonn muid gach rath air sa ról nua seo. Is le buíochas le Údarás na Gaeltachta atá an scéim dhá bliana agus an oiliúint seo ar fáil.
Ruadhán Ó Floinn, new Trainee Manager started with Comhlucht Forbartha na nDéise.