Campa Samhraidh an tSean Phobail 2026

Bliain eile rathúil ag Campa Samhraidh an tSean Phobail!

Tá an campa seo ag dul ó neart go neart gach bliain le 86 páiste ag freastal i mbliana. Tá buíochas ollmhór tuillte ag Olivia agus an fhoireann iontach cóitseálaithe. Chríochnaigh an tseachtain amach le píotsa breá, blasta ó Spar, An Rinn agus sleamhnán uisce. Bhí an campa eagraithe ag CLG an tSean Phobail agus tá Comhlucht Forbartha na nDéise an-sásta tacú leis gach bliain tríd an bPlean Teanga. Tá gach duine ag tnúth go mór leis an gcéad bhliain eile