Dioplóma i bhForbairt Pobail Inbhuanaithe. 

Tá fós cupla áit fágtha ar an gcúrsa nua 3ú leibhéal ar obair forbartha pobail, an Dioplóma i bhForbairt Pobail Inbhuanaithe. Tá an cúrsa seo curtha ar fáil mar comhpháirtíocht idir Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus Údarás na Gaeltachta.
Bheadh Údarás na Gaeltachta buíoch as léirithe spéise ó phobal Ghaeltacht na nDéise don gcúrsa nua seo. Glacfar le hiarratais ó dhaoine a bhfuil taithí phraicticiúil acu i réimse na Forbartha Pobail, is cuma cé chomh beag is atá an taithí san. Glacfar le hiarratais chomh maith ó dhaoine a bhfuil cáilíochtaí acadúla bainte amach acu. Tá eolas thíos faoin gcúrsa.
 
Má tá aithne agaibh ar dhuine ar bith i nGaeltacht na nDéise a bheadh spéis acu tabhairt faoin gcúrsa, bheinn buíoch dá mbeadh sibh sásta an scéal a roinnt leo, le bhur dtoil. Is féidir spéis a léiriú tríd an nasc seo:  Dioplóma i bhForbairt Pobail Inbhuanaithe.