Duaiseanna Náisiúnta le bheith bronnta ar Chomhlucht Forbartha na nDéise

Tá ríméad agus áthas ar Chomhlucht Forbartha na nDéise a fhógairt go bhfuil dhá dhuais le bheith bronnta orthu i mbliana i gComórtas Ghlór na nGael. Bunaíodh Comórtas Ghlór na nGael breis is caoga bliain ó shin chun aitheantas a thabhairt ar obair choistí agus ghrúpaí pobail ar fud na tíre, thar 32 contae, i gcur chun cinn na Gaeilge. I mbliana, Bháin Comhlucht Forbartha na nDéise amach an céad áit sa rannóg Ghaeltachta agus an dara háit sa rannóg Theaghlaigh. 

Ba mhaith le bord agus foireann Chomhlucht Forbartha na nDéise buíochas a ghabháil le cách i bpobal Ghaeltacht na nDéise agus leis na grúpaí pobail agus na heagrais uile a thacaigh leo agus a bhí ag comhoibriú leo i slí ar bith i dtreo na nduaiseanna seo a bhaint amach. Is de bharr daoine a thuigeann an tábhacht le cur chun cinn na Gaeilge thar gach glúin sa Ghaeltacht, agus a ghníomhaíonn go díograiseach ina threo, i mbealaí beaga agus i mbealaí móra, atá Gaeltacht na nDéise ag déanamh dul chun cinn mar phobal Gaeltachta. 

Bhí Comhlucht Forbartha na nDéise bunaithe 20 bliain ó shin agus aidhm amháin ag an gcomhlacht ó shin, an ceantar a chur chun cinn mar cheantar Gaeltachta, le treisiú agus buanú an teanga mar chroí lár na hoibre i gcónaí. Is deas an t-aitheantas a thugann na duaiseanna seo don obair sin, obair a dhéanann an comhlucht i gcomhpháirtíocht leis an bpobal féin agus le heagrais eile. 

Deir Cabríní de Barra, Bainisteoir Forbartha ar Chomhlucht Forbartha na nDéise go bhfuil an comhlacht ag súil le leanúint ar aghaidh ag obair as lámh a chéile le pobal Ghaeltacht na nDéise chun stádas Gaeltachta an ceantar a chinntiú, agus an Ghaeilge a neartú agus a bhuanú don chéad ghlúin eile. “Cé go bhfuil sé aitheanta go bhfuil neart dul chun cinn déanta, tá fós bóthar mór fada romhainn mar cheantar Gaeltachta. Ach táimid dóchasach don todhchaí”, a deir sí. 

Mar a deir an seanfhocal, Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. 

National Awards to be presented to Comhlucht Forbartha na nDéise

Comhlucht Forbartha na nDéise is delighted to announce that they are to be awarded two prizes this year in the Glór na nGael competition. Comórtas Ghlór na nGael was established more than fifty years ago to recognize the work of committees and community groups across the country, across 32 counties, in promoting the Irish language. This year, Comhlucht Forbartha na nDéise achieved first place in the Gaeltacht section and second place in the Family section. 

The board and staff of Comhlucht Forbartha na nDéise  would like to thank everyone in the Gaeltacht na nDéise community and all the community groups and organizations that supported them and collaborated with them in any way towards achieving these awards. Gaeltacht na nDéise is making progress as a Gaeltacht community because of people who understand the importance of promoting the Irish language across all generations in the Gaeltacht, and who work diligently towards this end, in both small ways and big ways. 

Comhlucht Forbartha na nDéise was founded 20 years ago and the organisation has had one aim since then, to promote the area as a Gaeltacht area, with the reinforcement and perpetuation of the language as the heart of the work at all times. It is good that these awards give recognition to that work, work that Comhlucht Forbartha na nDéise undertakes  in partnership with the community itself and with other organisations.

Cabríní de Barra, Development Manager of Comhlucht Forbartha na nDéise says that the company hopes to continue working hand in hand with the Gaeltacht na nDéise community to ensure the Gaeltacht status of the area, and to strengthen and perpetuate the Irish language for the next generation. “Although it is recognized that a lot of progress has been made, there is still a long road ahead of us as a Gaeltacht area. But we are optimistic for the future”, she says. 

As the proverb says, Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.