Dúiche

Chaith an córaghrafadóir comhaimseartha Fearghus Ó Conchúir, coicís thar a bheith fiúntach i gcónaitheacht taighde i nGaeltacht na nDéise agus i nDún Garbhán, le cabhair Comhlucht Forbartha na nDéise i rith Bealtaine 2025.

Le linn an ama seo, mar spreagadh corpraithe don chóraghrafadóireacht, thug Fearghus cúigear rincealaíontóirí cumasacha mar aon le cumadóir, dearthóir soilsithe agus dearthóir físe dos na páirceanna sa Rinn ina mbíodh sé ag súgradh agus é ina pháiste, agus atá  fós mar foinse a chuid cruthaitheachta.  Bhí deis ag na healaíonrí seo aithne a chur ar chuid den phobal áitiúil, daoine ag a bhfuil saineolas agus suim ar leith acu maidir le ceisteanna teanga, dinnseanchais, éiceolaíocht agus ealaíon an cheantair. Chaith siad am leis an file Áine Uí Fhoghlú, a labhair leo faoin dteanga agus timpeallacht, an gairneoir orgánach, Máiréad Costin, Ciarán Ó Gealbháin, amhránaí le suim san inbhuanaitheacht, Liam Suipéil, saineolaí ar dhinnseanchas an cheantair, agus Éinne Ó Cathasaigh, zú-eolaí. 

Bhí dhá thréimhse cleachtadh oscailte ar siúl i rith an tréimhse, agus cuireadh fáilte roimh daoine freastal orthu, a bheith páirteach sa chleachtadh rince agus ceisteanna a chur nó tuairimí a roinnt faoin bproiséas. Bhain gach duine a d’fhreastal ar na cleachtaí idir taithneamh agus tairbhe as an eispéireas, pé aois iad.

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag súil le go mbeidh deis acu comhoibriú le Fearghus arís sa todhchaí ar mhaitheas le eispéireas ealaíne dearfach agus inspioráideach eile a chur ar fáil do phobal an cheantar.

 

The Choreographer Fearghus Ó Chonchúir, a number of contemporary dance artists and a creative team spent a fortnight in Gaeltacht na nDéise in May 2025 exploring the language, culture, ecology and heritage of the area, which has been a source of creative inspiration to Fearghus over the years. They met with local experts and other members of the Gaeltacht community so as to enhance their understanding of the area and to support them in their creativity. During the time, two open rehearsals took place where the public had the pleasure of dancing with the visiting dancers.

The Irish language had a central role in the project. Comhlucht Forbartha na nDéise looks forward to the opportunity to working alongside Fearghus again in the future so as to create further creative experiences for the local community.