Oíche Cheiliúradh agus Buíochais

Tugadh cuireadh d’iarchomhaltaí boird fadtéarmach agus iarbhainisteoirí Chomhlucht Forbartha na nDéise bailiú le chéile le bord agus foireann reatha na comhlachta ar an Aoine 13 Meán Fómhair chun ceiliúradh a dhéanamh ar obair na comhlachta thar na blianta. Bhí dinnéar acu le chéile sa Whitehorses san Aird Mhór, le hócáid bronnadh ina dhiaidh cois tine sa seomra taobh thiar den bhialann. Bhí cúpla duine as láthair ar an oíche ar chúiseanna éagsúla, ach ba dheas an deis é buíochas a ghabháil le daoine as a gcuid oibre óna thosaigh Comhlucht Forbartha na nDéise i 2005.

Eagraíodh an ócáid ​​le haitheantas a thabhairt do na daoine seo a leanas: Úna de Paor; Cliona Mhic Giolla Chuda; Tadhg Ó Maoileoin; Ciarán Ó Gealbháin, Críostóir Ó Faoláin, Micheál Ó Drisleáin; Maria Mhic Craith agus Liam Suipéil. Ba iad Jennifer Uí Dhuibhir, an Cathaoirleach reatha, agus Máire Seo Breathnach, atá ina Rúnaí ar an mBord ón tús, a rinne na bronntaí. Bhí na bronntanais déanta go háitiúil ag Criostal na Rinne

A Night of Celebration and Thanks

Former long-term board members and former managers of Comhlucht Forbartha na nDéise, the Language and Community Development company for Gaeltacht na nDéise, were invited to meet with the current board and staff of the company on Friday 13 September to celebrate the work of the company over the years. They had dinner together at the Whitehorses in Ardmore, followed by a presentation ceremony by the fire in the room behind the restaurant. A couple of people were absent on the night for various reasons, but it was a great opportunity to thank people for their work since Comhlucht Forbartha na nDéise started in 2005.

The event was organised to acknowledge the contributions of the following people: Úna de Paor; Cliona Mhic Giolla Chuda; Tadhg Ó Maoileoin; Ciarán Ó Gealbháin, Críostóir Ó Faoláin, Micheál Ó Drisleáin; Maria Mhic Craith and Liam Suipéil. The presentations were made by Jennifer Uí Dhuibhir, the current Chairperson, and Máire Seo Breathnach, who has been the Board Secretary since the beginning. The gifts were made locally by Criostal na Rinne.