Piotsa Blasta & Comhluadar Iontach!

Bhailigh slua beag deas ach foirfe le chéile sa Marine Bar ar 22 Lúnasa chun piotsa a ithe agus chun sult a bhaint as comhluadar a chéile trí Ghaeilge. Bhí idir teaghlaigh le páistí óga, déagóirí agus daoine fásta i láthair agus bhí deis iontach ag gach duine aithne a chur ar a chéile. Bhí an slua buíoch do Dhubhalta as ucht ceol a sheinnt agus do Natalia agus George óg a chas amhráin. Agus bhí gach aoinne buíoch as an Piotsa blasta!

Ba é seo an dara oíche ‘Pizza & Fáilte’ a d’eagraigh Tomás Ó hÓgáin, Oifigeach Pleanála Teanga do Ghaeltacht na nDéise. Deir Tomás go mbaineann daoine ar gach aois agus cumas teanga an-sult as na himeachtaí ar nós Pizza & Fáilte agus an Bricfeasta le Gaeilge agus faigheann sé aiseolas fíor dhearfach ón bpobal futhu. Tá plean aige breis ócáid mar seo a reachtáil amach anseo.  Is féidir teagmháil a dhéanamh le Tomás ar optnandeise@gmail.com nó ar 087 721 9721 chun tuilleadh eolais a fháil.

A successful Pizza Night through Irish!

A not too small but perfectly formed crowd gathered in the Marine Bar on August 22nd to eat pizza and enjoy each other’s company through Irish. Families with young children, teenagers and adults were present and everyone had a great opportunity to get to know each other. The crowd was grateful to Dubhalta for playing music and to Natalia and young George who sang. And everyone was thankful for the delicious Pizza!

This was the second ‘Pizza & Fáilte’ night organized by Tomás Ó hÓgáin, Language Planning Officer for Gaeltacht na nDéise. Tomás says that people of all ages and language abilities really enjoy the events such as Pizza & Fáilte and Breakfast through Irish and he receives very positive feedback from the community about them. He plans to hold more events like this in the future.  You can contact Tomás on optnandeise@gmail.com or on 087 721 9721 for more information.

Pizza & Ceol!