Teampall Geal na nDéise Seolta ar 19 Iúil 2025

𝗔𝗥𝗗-𝗢𝗜́𝗖𝗛𝗘 𝗔𝗚 𝗦𝗘𝗢𝗟𝗔𝗗𝗛 𝗧𝗘𝗔𝗠𝗣𝗔𝗟𝗟 𝗚𝗘𝗔𝗟 𝗡𝗔 𝗡𝗗𝗘́𝗜𝗦𝗘
Beidh cuimhní againn le fada ar an oíche iontach a bhí againn ar an Satharn 19 Iúil 2025 i Halla Colmán, nuair ar seoladh an CD Teampall Geal na nDéise, an chéad bailiúchán nua de amhránaithe agus ceoltóirí Ghaeltacht na nDéise le breis is 25 bliain. Bhí an Halla lán go doras don gceolchoirm saor in aisce a lean 3 uair a chloig, le scoth na ceoltóirí agus amhránaithe ón dúiche le cloisteáil ann. Buíochas le chách a bhí ar an ardán agus chách a thainig chun éisteacht.
Tá an iomarca daoine eile chun buíochas a ghabháil leo, ach thar dhuine ar bith eile tá moladh ag dul chuig Leas-Chathaoirleach Chomhlucht Forbartha na nDéise, Tomás Ó Gealbháin a thug an fís dúinn tabhairt faoin dtogra seo agus a thiomáin an dtogra ó tús go deireadh.
Buíochas le Ciarán Ó Gealbháin, Coiste Forbartha an tSean Phobail agus Muintir Uí Ghealbháin uile as ucht fáilte chomh croíúil a chur romhainn ar an oíche, agus le Máire Uí Riain as na bláthanna álainn a chur timpeall an Halla don oíche.
Bhí Úna de Paor mar Bhean an Tí den chéad scoth agus bhíomhar chomh buíoch le Helen Ní Shé as taisteal chomh fada linn chun an CD a sheoladh go hoifigiúil. Bhí triúir linn ar an oíche a bhí baint faoi leith acu leis an CD a chur le chéile. Sin iad Benny McCarthy, a bhí mar an t-innealtóir fuaime, Bríd Ní Chionnfhaoladh a rinne an ealaín agus Doireann de Faoite a rinne an dearadh don CD, Go raibh míle maith agaibh triúir.
Gabhann muid buíochas le Raidio na Gaeltachta agus Molscéal as teacht chun taifead a dhéanamh ar an oíche agus do Mchael Meade Photography, a ghlac na grianghraif ar fad ar an oíche. Ag deireadh, táimid thar a bheith do Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta. Is de bharr an maoiniú uathu a bhíonn deiseanna againn tabhairt faoi tograí mar seo.
𝗔 𝗪𝗢𝗡𝗗𝗘𝗥𝗙𝗨𝗟 𝗡𝗜𝗚𝗛𝗧 𝗔𝗧 𝗧𝗛𝗘 𝗟𝗔𝗨𝗡𝗖𝗛 𝗢𝗙 “𝗧𝗘𝗔𝗠𝗣𝗔𝗟𝗟 𝗚𝗘𝗔𝗟 𝗡𝗔 𝗻𝗗𝗘́𝗜𝗦𝗘”
We will long remember the wonderful night we had on Saturday, July 19th, 2025, in Colman Hall, when the CD Teampall Geal na nDéise was launched — the first new collection of singers and musicians from the Gaeltacht of na nDéise in over 25 years. The hall was packed to the doors for the free concert, which lasted three hours and featured the finest local musicians and singers. Thanks to everyone who performed and everyone who came to listen.
There are too many people to thank individually, but above all, special praise is due to the Vice-Chairperson of Comhlucht Forbartha na nDéise, Tomás Ó Gealbháin, who gave us the vision for this project and drove it from beginning to end. Thanks to Ciarán Ó Gealbháin, Coiste Forbartha an tSean Phobail, and all the Uí Ghealbháin family for the heartfelt welcome they gave us on the night and to Máire Uí Riain for the beautiful flower arrangements.
Úna de Paor was an outstanding host, and we were so grateful to Helen Ní Shé for traveling such a distance to officially launch the CD. Three people present on the night played a special role in putting the CD together: Benny McCarthy, who was the sound engineer; Bríd Ní Chionnfhaoladh, who did the artwork; and Doireann de Faoite, who did the CD design. A thousand thanks to all three of you. We are grateful to Raidio na Gaeltachta and Molscéal who came to record on the evening and to Michael Meade Photography, who took all the photos on the night.
Finally, we are extremely grateful to Údarás na Gaeltachta and Roinn na Gaeltachta, whose funding provides us with the opportunities to undertake such projects.