An Trasnú
24lún12:30 am4:30 inAn TrasnúTar ag Siúl!English SubtitleCunnigar Crossing 2025
Sonraí Imeachta
AN TRASNÚ – CUNNIGAR CROSSING 2025 Tá an-áthas ar Chomhlucht Forbartha na nDéise a bheith ag comhoibriú ar an dtogra seo i dtreo fáilte fiail, flaithiúil a chur roimh siúlóirí chuig
Sonraí Imeachta
AN TRASNÚ – CUNNIGAR CROSSING 2025
Tá an-áthas ar Chomhlucht Forbartha na nDéise a bheith ag comhoibriú ar an dtogra seo i dtreo fáilte fiail, flaithiúil a chur roimh siúlóirí chuig Gaeltachta na nDéise.
Bí linn agus fáilte!
Bígí linn ag Ionad Spóirt Dhún Garbhán, X35 P922, chun tús a chur leis An Trasnú – Cunniger Crossing 2025. Siúlóid 6 km ó Dhún Garbhán, trasna Abhainn na Brice, go dtí an Cuinneagar agus ar aghaidh go Baile na nGall sa Rinn, i nGaeltacht na nDéise. Ní féidir an t-imeacht seo a dhéanamh ach uair amháin sa bhliain ar lá na taoide is ísle, agus tógann sé thart ar dhá uair an chloig le críochnú. Fágfaimid an tIonad Spóirt i nDún Garbhán ag 12.30 i.n. go beacht chun leas a bhaint as fuinneog na taoide ísle, mar sin déan cinnte go mbeidh tú ann in am!
Beidh an chéad 300 m den bhealach tríd uisce suas go glúine, mar sin moltar bróga seanchaite a chaitheamh, agus bróga eile leat don chuid eile den tsiúlóid trasna na ngainimh agus timpeall ar na leapacha oisrí i gCuan Dhún Garbhán. Críochnóidh an tsiúlóid i mBaile na nGall, sráidbhaile iascaireachta atá ann leis na céadta bliain, áit a mbeidh ceol traidisiúnta agus fíorchaoin fáilte romhat! Beidh bus ar fáil chun tú a thabhairt ar ais go Dún Garbhán ar chostas breise €5, íoctha in airgead tirim amháin. Beidh an Bus (55 suíocháin) ag fágáil Baile na nGall chun dul go Dún Garbhán ag thart ar 15:15, 16:00 agus 16:45 ar an lá.
Ag deireadh an tsiúlóid i mBaile na nGall beidh Tigh an Cheoil agus an veain caife ar oscailt chun deochanna a cheannach agus chun éisteacht le ceol traidisiúnta den chéad scoth ó cheoltóirí áitiúla.
Rachfaidh ioncam an imeachta i bhfabhar Ospidéal Pobail Dhún Garbhán, Club na Leonach Dhún Garbhán
Má tá suim agat páirt a ghlacadh sa togra mar oibrí deonach, labhair le Cabríní ar cfdeise@gmail.com nó 083 445 5914. Tá daoine le Gaeilge de dhíth ag deireadh an tsiúlóid i mBaile na nGall ó 14:30 go 16:30 chun fáilte a chur roimh na siúlóirí, daoine a shíniú amach ón siúlóid; airgead a bhailiú ag an mbus; daoine a threorú, srl.
AN TRASNÚ – CUNNIGAR CROSSING 2025
Bí linn agus fáilte! Join us at the Dungarvan Sports Centre X35 P922 to start the Trasnú – Cunnigar Crossing 2025. This is a 6km walk from Dungarvan, across the Brickey river to the Cunnigar and onwards to Baile na nGall in An Rinn, in the Waterford Gaeltacht. This event is possible only once a year on the date of the lowest tide and takes about two hours to complete. We will leave the Sports Centre at 12.30pm sharp to avail of the low tide window so make sure to arrive on time! The first 300m of the route will be through knee high waters so it is recommended to wear old shoes, while bringing a change of footwear for the remainder of the walk across the sands and around the oyster beds of Dungarvan Bay. The walk will finish in Baile na nGall, a centuries old fishing village, where traditional Irish music and a great local céad míle fáilte awaits! A Bus will be available to take you back to Dungarvan at an extra cost of €5, payable in cash only. The Bus (55 seater) will be leaving Baile na nGall for Dungarvan at approximately 15:15, 16:00 and 16:45.
At the end of the walk in Baile na nGall, Tigh an Cheoil and the coffee van will be open so that you can buy a drink and listen to some great traditional music from local Gaeltacht musicians.
Proceeds from the event are in aid of Dungarvan Community Hospital, the Dungarvan Lions Club and to help St Declan’s Way raise match funding for an upcoming project.
If you are interested in helping out on the day as a volunteer contact Cabríní @ 083 445 5914 / cfdeise@gmail.com. Irish-speaking people are needed at the end of the walk in Baile na nGall from 14:30 to 16:30 to welcome the walkers, to sign people out of the walk; collect money at the bus; direct people, etc.
