Cruinniú Poiblí - Feachtas Náisiúnta Tithíochta

24mfó7:00 in8:30 inIonad Pobail na Rinne, An RinnCruinniú Poiblí - Feachtas Náisiúnta TithíochtaIonad Pobail na RinneEnglish SubtitlePublic Meeting - National Housing Campaign

Sonraí Imeachta

𝗖𝗿𝘂𝗶𝗻𝗻𝗶𝘂́ 𝗣𝗼𝗶𝗯𝗹𝗶́ – 𝗙𝗲𝗮𝗰𝗵𝘁𝗮𝘀 𝗧𝗶𝘁𝗵𝗶́𝗼𝗰𝗵𝘁𝗮 𝗡𝗮́𝗶𝘀𝗶𝘂́𝗻𝘁𝗮 – 𝟮𝟰/𝟬𝟵/𝟮𝟰 @ 𝟭𝟵:𝟬𝟬 𝗜𝗼𝗻𝗮𝗱 𝗣𝗼𝗯𝗮𝗶𝗹 𝗻𝗮 𝗥𝗶𝗻𝗻𝗲.

Tá BÁNÚ agus Conradh na Gaeilge ag comhoibriú ar fheachtas tithíochta náisiúnta atá fréamhaithe sna pobail Ghaeltachta éagsúla. Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag comhoibriú leo chun cinntiú go mbeidh guth ag pobal Ghaeltacht na nDéise sa feachtas.

Beidh cruinniú poiblí ar siúl in Ionad Pobail na Rinne ar an Mháirt 24 Meán Fómhair ag 19:00 chun an feachtas a phlé. Cuirfear sóláistí beaga ar fáil.

Bheadh Comhlucht Forbartha na nDéise, BÁNÚ agus Conradh na Gaeilge uile buíoch dá mbeadh pobal Ghaeltacht na nDéise i láthair ag an gcruinniú chun a dtuairimí is a dtaithí a léiriú agus chun a bheith páirteach sa feachtas. Tá sé tábhachtach go mbíonn guth phobal Ghaeltacht na nDéise le cloisteáil go láidir mar chuid den bhfeachtas.

𝗔𝗻 𝗿𝗮𝗶𝗯𝗵 𝗻𝗼́ 𝗮𝗻 𝗯𝗵𝗳𝘂𝗶𝗹 𝗮𝗼𝗻 𝗱𝗲𝗮𝗰𝗿𝗮𝗰𝗵𝘁 𝗮𝗴𝗮𝘁 𝗳𝗲́𝗶𝗻 𝘁𝗶𝗴𝗵 𝗮 𝗳𝗵𝗮́𝗶𝗹 𝗮𝗿 𝗰𝗶́𝗼𝘀, 𝗮 𝗰𝗵𝗲𝗮𝗻𝗻𝗮𝗰𝗵 𝗻𝗼́ 𝗮 𝘁𝗵𝗼́𝗴𝗮́𝗶𝗹 𝗶 𝗻𝗚𝗮𝗲𝗹𝘁𝗮𝗰𝗵𝘁 𝗻𝗮 𝗻𝗗𝗲́𝗶𝘀𝗲? 𝗔𝗻 𝗺𝗯𝗲𝗮𝗱𝗵 𝘁𝘂́ 𝘀𝗮́𝘀𝘁𝗮 𝗱𝗼 𝘁𝗵𝗮𝗶𝘁𝗵𝗶́ 𝗮 𝗿𝗼𝗶𝗻𝗻𝘁 𝗮𝗴 𝗮𝗻 𝗴𝗰𝗿𝘂𝗶𝗻𝗻𝗶𝘂́ 𝗻𝗼́ 𝗺𝗮𝗿 𝗰𝗵𝘂𝗶𝗱 𝗱𝗲𝗻 𝗯𝗵𝗳𝗲𝗮𝗰𝗵𝘁𝗮𝘀?

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag plé le hÚdarás na Gaeltachta ó 2018 maidir leis an talamh ar leo é i mBaile na nGall sa Rinn a chur ar fáil do thithe ar phraghas réasúnta, le coinniolacha teanga do phobal na Gaeltachta. Cé go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta acu, tá siad buartha. Is gá do chách seasamh le chéile chun cinntiú go mbeidh tithíocht ar phraghas réasúnta ar fáil i ngach ceantar Gaeltachta go luath chun pobal agus teanga bheo a chinntiú.

Má tá tú ar fáil chun teacht chuig an gcruinniú, cur in iúl do Cabríní ar 083 445 5914 / cfdeise@gmail.com, le do thoil. Scaip an scéal, le do thoil!

(Béarla thíos / English Below)

𝗣𝗨𝗕𝗟𝗜𝗖 𝗠𝗘𝗘𝗧𝗜𝗡𝗚: 𝟮𝟰/𝟬𝟵/𝟮𝟰 @ 𝟭𝟵:𝟬𝟬 𝗜𝗼𝗻𝗮𝗱 𝗣𝗼𝗯𝗮𝗶𝗹 𝗻𝗮 𝗥𝗶𝗻𝗻𝗲

BÁNÚ and Conradh na Gaeilge are collaborating on a national housing campaign rooted in the various Gaeltacht communities. Comhlucht Forbartha na nDéise is collaborating with them to ensure that the Gaeltacht na nDéise community has a voice in the campaign.

A public meeting will be held in Ionad Pobail na Rinne on Tuesday 24 September at 19:00 to discuss the campaign. Refreshments will be provided.

Comhlucht Forbartha na nDéise, BÁNÚ and Conradh na Gaeilge would all be grateful if members of the Gaeltacht na nDéise community were present at the meeting to express their views, to share their experiences and to participate in the campaign. It is important that the voice of the Gaeltacht na nDéise community is heard strongly as part of the campaign.

𝗛𝗮𝘃𝗲 𝘆𝗼𝘂 𝗵𝗮𝗱 𝗼𝗿 𝗮𝗿𝗲 𝘆𝗼𝘂 𝗵𝗮𝘃𝗶𝗻𝗴 𝗮𝗻𝘆 𝘁𝗿𝗼𝘂𝗯𝗹𝗲 𝗿𝗲𝗻𝘁𝗶𝗻𝗴, 𝗯𝘂𝘆𝗶𝗻𝗴 𝗼𝗿 𝗯𝘂𝗶𝗹𝗱𝗶𝗻𝗴 𝗮 𝗵𝗼𝘂𝘀𝗲 𝗶𝗻 𝗚𝗮𝗲𝗹𝘁𝗮𝗰𝗵𝘁 𝗻𝗮 𝗻𝗗𝗲́𝗶𝘀𝗲? 𝗪𝗼𝘂𝗹𝗱 𝘆𝗼𝘂 𝗯𝗲 𝘄𝗶𝗹𝗹𝗶𝗻𝗴 𝘁𝗼 𝘀𝗵𝗮𝗿𝗲 𝘆𝗼𝘂𝗿 𝗲𝘅𝗽𝗲𝗿𝗶𝗲𝗻𝗰𝗲 𝗮𝘁 𝘁𝗵𝗲 𝗺𝗲𝗲𝘁𝗶𝗻𝗴 𝗼𝗿 𝗮𝘀 𝗽𝗮𝗿𝘁 𝗼𝗳 𝘁𝗵𝗲 𝗰𝗮𝗺𝗽𝗮𝗶𝗴𝗻?

Comhlucht Forbartha na nDéise has been in discussions with Údarás na Gaeltachta since 2018 regarding making the land that Udarás na Gaeltachta owns in Baile na nGall available for houses at a reasonable price, with language conditions for the Gaeltacht community. Although they have made some progress, we are worried.

If you are available to come to the meeting, please let Cabríní know on 084 445 5914 / cfdeise@gmail.com. Please spread the word!

Tuilleadh

Am

meán fómhar 24, 2024 7:00 in - 8:30 in(GMT+00:00)

Location

Ionad Pobail na Rinne

An Rinn

Other Events

Get Directions