Beidh Daonscoil na Mumhan ar siul i gColáiste na Rinne ó 10 go 15 Lúnasa 2025. Ba mhaith leo cuireadh
Beidh Daonscoil na Mumhan ar siul i gColáiste na Rinne ó 10 go 15 Lúnasa 2025. Ba mhaith leo cuireadh speisialta a thabhairt d’aon duine a bhfuil grá acu don Ghaoluinn a bheith leo ar an Déardaoin 14 Lúnasa chun blas a fháil den Daonscoil. Beidh lá de bhur saol agaibh, ag tosú ar maidin ag 09.30am. I rith an lae beidh ranganna agus imeachtaí de gach saghas idir fhilíocht, amhránaíocht, Gaeilge, cluichí, ciorcal comhrá, siulóid treoraithe agus léacht an-suimiúil ar logainmneacha. Bíonn an-chraic agus spraoi againn i gcónaí!
Costas €50 an duine don lá le caife agus dinnéar 3 cúrsa san áireamh. Airgead tirim amháin.
Gach eolas ó Áine Uí Cheallaigh (086) 3924256. Tapaigh an deis agus cuir glaoch!
Coláiste na Rinne