Féile na nOisrí

02lún12:00 in10:00 inTigh an Cheoil, Baile na nGall, An Rinn, X35 N903Féile na nOisríComórtais trí Ghaeilge & SpraoiEnglish SubtitleOyster Festival

Sonraí Imeachta

 FÉILE NA n-OISRÍ I TIGH AN CHEOIL 🇺🇸
Beidh Comórtas ‘Banphrionsa agus Prionsa na nOisrí’ á reáchtáil ag Mná na nDéise le linn Féile na nOisrí i dTigh an Cheoil ar an 2 Lúnasa. Fáilteofar roimh pháistí páirt a ghlacadh in agallaimh agus a gcuid tallaine a roinnt leis an lucht féachana (.i. Rince, seinnt ceoil, amhránaíocht). Is trí mheán na Gaeilge a reáchtálfar an comórtas. Cuirfear mála rudaí deasa ar fáil do gach iarrathóir agus bronnfar duais den chéad, dara agus triú háit ar na buachaillí agus na cailíní is cumasaí ar iad féin a chur in iúl. Ní bheidh costas á ghearradh ar pháistí chun páirt a ghlacadh sa chomórtas. Beidh banna ceoil ag seinnt díreach i ndiaidh Comórtas na bPáistí.
Níos déanaí an tráthnóna céanna, beidh comórtas ‘Banríon na nOisrí’ á reáchtáil mar chuid d’fheachtas bailiú airgid de chuid Mná na nDéise, an Fhoireann Peile do mhná thar aois 25.
The Oyster Festival makes a comeback on 02/08/25 in aid of Mná na nDéise’s New York Blitz Trip.
Lots of activities for all including a childrens competition to find the Prince and Princess of the Festival and a competition to select the Queen of the festival. Both competitions will be organised through Irish by Mná na nDéise football team for Women over 25.
Scaip an scéal!!
     

Am

lúnasa 2, 2025 12:00 in - 10:00 in(GMT+00:00)

Location

Tigh an Cheoil

Baile na nGall, An Rinn, X35 N903

Other Events

Get Directions