Gligíní na nDéise

26mfó10:00 am11:30 amGligíní na nDéiseTeacht le Chéile trí Ghaeilge do Theaghlaigh le leanaí ógaEnglish SubtitleImeacht lán Ghaeilge

Sonraí Imeachta

Is grúpa é Gligíní na nDéise do thuismitheoirí atá ag tógáil páistí ar aois réamhscoile le Gaeilge. Tagann siad le chéile in Ionad Pobail na Rinne gach Aoine ó 10:00 go 11:30 i rith na scoilbhliana. Bíonn deis ag na tuismitheoirí comhrá a bheith acu thar cupán tae nó caifé agus bíonn go leor bréagáin agus cluiche ar fáil do na leanaí. Bíonn neart amhránaíochta agus rannta ar siúl againn chomh maith! Is spás lán Gaeilge é agus is gá clárú roimh ré. Má tá suim agat a bheith páirteach, bí i dteagmháil le Rebecca Ní Churnáin, Oifigeach Forbartha le Tuismitheoirí na Gaeltachta ar 085 219 8739 nó Cabríní de Barra, Bainisteoir Forbartha do Chomhlucht Forbartha na nDéise ar 083 445 5914

 

Gligíní eagraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhpháirtíocht le Comhlucht Forbartha na nDéise.

 

Am

meán fómhar 26, 2025 10:00 am - 11:30 am(GMT+00:00)