This is a repeating event

Gligíní na nDéise

16ean10:00 am11:30 amGligíní na nDéiseEnglish SubtitleImeacht Lán-Ghaeilge do Theaghlaigh Óga

Sonraí Imeachta

Is grúpa é Gligíní na nDéise do thuismitheoirí atá ag tógáil páistí ar aois réamhscoile le Gaeilge. Tagann siad le chéile in Ionad Pobail na Rinne gach Aoine ó 10:00 go 11:30 i rith na scoilbhliana. Bíonn deis ag na tuismitheoirí comhrá a bheith acu thar cupán tae nó caifé agus bíonn go leor bréagáin agus cluiche ar fáil do na leanaí. Bíonn neart amhránaíochta agus rannta ar siúl againn chomh maith! Is spás lán Gaeilge é agus is gá clárú roimh ré. Má tá suim agat a bheith páirteach, bí i dteagmháil le Roibeárd Ó hEartáin, Bainisteoir Forbartha le Tuismitheoirí na Gaeltachta ar 087 376 2941 nó Yvonne Clancy, Oifigeach Pleanála Teanga ar 087 721 9721. Bíonn Gligíní eagraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhpháirtíocht le Comhlucht Forbartha na nDéise.

 

Am

eanáir 16, 2026 10:00 am - 11:30 am(GMT+00:00)