Féile na nDéise 2024

Bhí deireadh seachtaine lán d’imeachtaí trí Ghaelainn ar siúl ó 24 go 26 Bealtaine 2024 i nDún Garbhán agus i nGaeltacht na nDéise. Is comhfhiontar a bhí sa bhféile idir na hoifigigh pleanála teanga sa dá cheantar. Bhí idir Oíche Tapas & Pop-Up Gaeltacht do na daoine fásta, Tóraíocht Dúlra, Ceardlann Maisiú Brioscraí agus Ióga do theaghlaigh agus Bricfeasta le Ghaeilge don bpobal ar fad, idir óg agus aosta. Cé go mbíonn comhoibriú idir an dá limistéir pleanála teanga go rialta, ba é seo an chéad uair don dá Oifigeach Pleanála Teanga teacht le chéile chun sraith ócáidí a reáchtáil lena chéile. Tá plean ann chun an Fhéile a chur ar siúl arís i 2025 agus breis imeachtaí a chur ar siúl mar chuid de.

A great weekend of fun through Irish for everyone in Gaeltacht na nDéise and Dungarvan in May 2024. Images and video below. 

Tháinig Molscéal chuig an Bricfeasta, agus tá blaisín den ócáid le feiscint ANSEO. 

Tá roinnt iomhánna ó na hócáidí eile a bhí ar siúl thar an deireadh seachtaine ar fáil thíos.

Tá an tOifigeach Pleanbála Teanga do Ghaeltacht na nDéise, Tomás Ó hÓgáin fostaithe ag Comhlucht Forbartha na nDéise agus an Plean Teanga maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán na Gaeltachta tríd Údarás na Gaeltachta.

Tá an tOifigeach Forbartha Teanga do Dhún Garbhán, Bróna Coleman, fostaithe ag Dún Garbhán le Gaeilge agus an Plean Teanga maoinithe ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tríd Foras na Gaeilge.