Bhí ceithre lá lán le siamsaíocht, ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta ar siúl i nGaeltacht na nDéise le déanaí.
Tháinig siad ó na ceithre hairde chun páirt a ghlacadh in imeachtaí Tionól Nioclás Tóibín, le gach leaba agus urlár sa cheantar lán don tréimhse. Bhíomar ag titim thar sárealaíontóirí mór le rá agus ár gcluasa lán le hamhránaíocht agus ceol binn. Tá an Tionól ar siúl le roinnt blianta anois agus é imithe ó neart go neart gach bliain i ndiaidh a chéile. Is féile é a eagraítear trí Ghaeilge agus bíonn an Ghaeilge i lár an aonaigh san fhéile i gcónaí. Tá moladh ollmhór ag dul chuig an gcoiste a dhéanann obair na gcapall gach bliain chun an fhéile iontach seo a chur ar siúl.
Mar aon le hardán a thabhairt do scoth na ealaíonta traidisiúnta, cuirtear na hamharcealaíona chun cinn chomh maith, trí na íomhánna álainn a bhíonn cruthaithe ag an ealaíontóir Shona Shirley McDonald ó Mireog do phóstaeir an Tionóil. Bíonn sé le tuiscint i gcónaí ó na póstaeir seo gur féile iontach speisialta í Tionól Nioclás Tóibín.
Ba mhór an phribhléid é do Chomhlucht Forbartha na nDéise tacú leis an fhéile speisialta seo arís i mbliana. Bí i dteannta le pobal Ghaeltacht na nDéise don scléip i 2026! Tá eolas faoi Tionól Nioclás Tóibín ar fáil ar https://www.facebook.com/tionol.nioclas/ agus https://www.instagram.com/tionol.nioclas/
Tá samplaí eile de obair iontach Shona Shirley McDonald, atá lionnaithe anseo i nGaeltacht na nDéise ar fáil ar suíomh idirlín Mireog ANSEO
Four days full of entertainment, music, singing and traditional dancing took place in Gaeltacht na nDéise recently. They came from all four corners of Ireland to take part in Tionól Nioclás Tóibín, with every bed and floor in the area full for the period. We were falling over well known artists and our ears were full of singing and sweet music. The Tionól has been running for several years now and has gone from strength to strength each year. It is a festival organized through Irish and Irish is always at its center. A huge compliment goes to the committee that does trojan work every year to organise this wonderful festival. As well as giving a platform to the best of traditional artistry, the visual arts are also promoted, through the beautiful images created by artist Shona Shirley McDonald from Mireog for the Tionól posters. It is always clear from these posters that Tionól Nicholas Tóibín is a very special festival. It was a great privilege for Comhlucht Forbartha na nDéise to support this special festival again this year. Join the Gaeltacht na nDéise community for the festivities in 2026! Information about Tionól Nioclás Tóibín is available on https://www.facebook.com/tionol.nioclas/ and https://www.instagram.com/tionol.nioclas/. Other examples of the amazing work of Shona Shirley McDonald, who is based in Gaeltacht na nDéise is availailable on the Mireog website HERE