Bhí sé mar chúis onóra do Chomhlucht Forbartha na nDéise agus do Dhún Garbhán le Gaeilge Gradam Saoil a bhronnadh ar Mháire Seó Breathnach ar an Aoine 28 Feabhra 2025.
Níl aon dabht ann ach go bhfuil an gradam seo tuillte go hiomlán ag Máire Seó, atá tar éis éacht a bhaint amach mar Oifigeach Gaeilge le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge le fada an lá, mar Rúnaí diograsach ar bhord Chomhlucht Forbartha na nDéise le 20 bliain anuas agus ar bhord Dhún Garbhán le Gaeilge ón tús.
Bhí sé soiléir ón tslua a bhí i láthair go bhfuil dea-tionchar ag Máire Seó ar an nGaeltacht, ar Dhún Garbhán, ar an chontae agus níos faide i gcéin agus meas mór ar dhaoine uirthi. Buíochas le chách a thaisteal chun a bheith linn ar an oíche, ó Chorcaigh, ó Mhaígh Eo agus ó fud fad Port Láirge.
Táimid uile buíoch go bhfuil Máire Seó linn agus muid ag chur chun cinn na Gaeilge sa cheantar agus guíonn muid gach rath uirthi sa todhchaí.
Comhlucht Forbartha na nDéise and Dún Garbhán le Gaeilge were delighted to present Máire Seó Breathnach with a Lifetime Achievement Award in recognition of all her work in promoting the Irish language in Gaeltacht na nDéise, Dungarvan and throughout Waterford.