Bhí áthas ar Chomhlucht Forbartha na nDéise fáilte a chur roimh Yvonne Clancy chuig an ról mar Oifigeach Pleanála Teanga do Ghaeltacht na nDéise ar an gCéadaoin 1 Deireadh Fómhair 2025.
Is as Caisleán Nua i dTiobraid Árann í ach bhí sí ina cónaí i gcathair na Gaillimhe ar feadh cúpla bliain anuas. Tá céim bainte amach aici ó Ollscoil na Gaillimhe. Tá spéis mhór aici sa litríocht agus stair. Chomh maith leis seo, is breá léi a bheith ag déanamh ióga nó ag snámh san fharraige. Tá sí ar bís a bheith anseo agus ag súil go mór le cur aithne orm ar an bpobal.
Tá Yvonne lonnaithe in oifig Chomhlucht na nDéise in Ionad Pobail na Rinne. Buail isteach chuici nó bígí i dteagmháil léi le haon smaointí nó ceisteanna:
Uimhir ghutháin – 087 721 9721
Ríomhphost – optnandeise@gmail.com