Pleanáil Teanga
Tionscadal fíor thábhachtach atá sa phlean teanga do phobal Ghaeltacht na nDéise. Tá an plean teanga seo le feidhmiú ó 2018 – 2024 ag am atá criticiúil do Ghaeltacht na nDéise ar léibhéil éagsúla. Is gá an Ghaelainn agus an cultúr Gaelach a chosaint agus a fhorbairt agus go comhthreomhar leis sin, cur le seirbhísí agus áiseanna an phobail tuaithe seo. Bhí dhá chuid i gceist leis an obair phleanála seo – staid reatha na Gaelainne i Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltacht na nDéise a mheas agus Plean Teanga a chur i dtoll a chéile a bheadh in oiriúint go sonrach don limistéar, bunaithe ar thorthaí an taighde a deineadh. Tá súil againn go mbeidh toradh ar an obair seo ar mhaithe le pobal uile na Gaeltachta.
Fís
Go mbeidh pobal Ghaeltacht na nDéise in ann gach gné dá saol a chaitheamh trí mheán na Gaelainne agus go mbeidh an Ghaelainn in uachtar mar ghnáththeanga cumarsáide agus í á seachadadh mar mháthairtheanga ó ghlúin go glúin. Go mairfidh ár bpobal i sochaí sláintúil, bríomhar, le seirbhísí agus áiseanna d'ardchaighdeán ag freastal ar gach aoisghrúpa agus meas agus aitheantas tugtha do thimpeallacht, do chultúr agus d'oidhreacht na háite.