Oifigeach Pleanála Teanga
Tá post mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Comhlucht Forbartha na nDéise c.t.r. Duine fuinniúil, cumasach a bhfuil taithí aici/aige i gcur chun cinn na Gaeilge agus i bhforbairt phobail atá ag teastáil.
Is post ar chonradh trí bliana atá á thairiscint agus d'fhéadfadh go gcuirfí leis an tréimhse sin. Beidh an té a cheapfar freagrach as cur i bhfeidhm bearta an Phlean Teanga do Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltacht na nDéise. Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Comhlucht Forbartha na nDéise agus freagrach do Bhord an Chomhluchta maidir le clár oibre aontaithe a fheidhmiú.
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus/nó na cáilíochtaí seo a leanas:
- Gaeilge líofa, idir labhartha agus scríofa,
- Tuiscint agus taithí mhaith ar obair le coistí/struchtúir phobail,
- Taithí i bhfeidhmiú agus i gcur i gcrích tograí,
- Scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta,
- Lán-cheadúnas tiomána glan,
Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in oifigí CFnaD sa Rinn agus sa tSean-Phobal.
Post lánaimseartha é seo le huaireanta solúbtha agus beidh freastal ar chruinnithe taobh amuigh de ghnáth uaireanta oibre mar chuid de na cúraimí sin.
Tá Plean Teanga na nDéise le fáil ag www.deise.ie/pleanail-teanga agus tá sonraí an phoist le fáil ANSEO
Seoltar iarratas mar aon le Curriculum Vitae trí r-phost amháin, roimh Dé hAoine, 22 Deireadh Fómhair chuig: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.