Ar oíche Shathairn 9 Bealtaine 2026, bhí Halla Colmán sa Sean Phobal lán go doras do Cheolchoirm den chéad scoth le na ceoltóirí agus amhránaithe mór le rá Muireann Nic Amhlaoibh, Dónal O’Connor & Michael Rooney. Thaisteal daoine ó chian agus ó chongar chun a bheith i láthair, idir pobal Ghaeltacht na nDéise agus cuairteoirí ó áiteanna eile i gCo Phort Láirge agus Co Chill Chainnigh. Chaitheamar uile roinnt uaireanta cloig faoi dhraíocht ag an gceol agus an amhránaíocht agus drogall ar gach aoinne deireadh a chur leis an oíche. Bhí fáiltiu fíona ar siúl roimh ré agus sóláistí blasta curtha ar fáil ag an mbriseadh chun tacú le siamsaíocht na hoíche. Tá mór-bhuíochas ag dul le Tomás Ó Gealbháin & Coiste Forbartha an tSean Phobail as oíche chomh álainn a chur ar siúl agus slua chomh mór a tharraingt le chéile d’oíche nach ndéanfar dearmad faoi le fada an lá. Lean an siamsaíocht ar aghaidh déanach san oíche tar éis an Ceolchoirm le Seisiúin Ceoil i dTigh an Cheoil.
Ar an dtráthnóna céanna, chuir Muireann, Dónal agus Michael ceardlanna ceoil agus amhránaíochta ar ard chaighdeán ar siúl i Meánscoil San Nioclás do cheoltóirí óga an cheantar. Deis iontach ab ea é do dhaoine óga ón gceantar atá spéis acu sa cheol agus san amhránaíocht am a chaitheamh i dteannta le scoth na ealaíontóirí proifisiúnta ar chaighdeán chomh hard. Tháinig aiseolas fíor dhearfach ó na daoine óga a bhí páirteach maidir leis na ceardlanna.
Bhí na hócáidí eagraithe le tacaíocht ó Chomhlucht Forbartha na nDéise faoin bPlean Teanga agus le buíochas le Ealaín na Gaeltachta.





