Slán le Tomás

Bhí slua mór i láthair sa Marine Bar ar an Déardaoin, 19 Nollaig 2024 chun slán agus beannacht a rá le cara mór don gceantar, Tomás Ó hÓgáin, a bhí ag filleadh abhaile go Gaillimh chun post úr a thosú mar Oifigeach Pleanála Teanga don mBruach Thoir. Rinne Tomás difir ollmhór agus é mar Oifigeach Pleanála Teanga do Ghaeltacht na nDéise. Thosaigh sé i mbun a chuid oibre in Iúil 2023 agus d’oibrigh sé go dian dícheallach ó shin chun tacú leis an bpobal áitiúil an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar. Mothóimid uile uainn é. Guíonn pobal Ghaeltacht na nDéise gach rath air sa ré úr nua seo dá shaol.

A large crowd gathered in the Marine Bar ón 19/12/24 to say farewell to Tomás Ó hÓgáin, Language Planning Officer for Gaeltacht na nDéise as he was due to return to Galway to take up a new post. He made a big difference while working in the area and will be missed by many.