Suirbhé Tithíochta Tábhachtach – Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge

SUIRBHÉ TITHÍOCHTA TÁBHACHTACH

An as Gaeltacht na nDéise thú? An bhfuil tú idir 18 agus 44? Más ea, tá sé thar a bheith tábhachtach go líonfá an suirbhé seo gan moill. B’fhéidir go gceapann tú nach mbeadh tú i dteideal teach a fháil ón gcomhairle, ach bheadh sé tábhachtach an fhoirm a líonadh pé scéal é.
 
Is gá a chur in iúl do Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge go bhfuil daoine óga ón gceantar gur mian leo fanacht i nGaeltacht na nDéise nó filleadh abhaile má tá siad imithe toisc obair nó staidéar, ach nach féidir leo de bharr nach bhfuil go leor tithe ar fáil chun tógáil ar cíos nó le ceannach ar phraghas réasúnta faoi láthair chun é sin a dhéanamh. Is gá go mbeadh an Comhairle ar an eolas faoin éileamh atá ann do thithe sóisialta, tithe inacmhainne / ar phraghas réasúnta nó suíomhanna le seirbhísí ar phraghas réasúnta má tá aon seans ann go mbeadh siad ábalta tacu leis an fhadhb a réiteach amach anseo.
 

Roinn an nasc le cairde agus gaolta, le bhur dtoil! https://waterford.submit.com/show/325

 

IMPORTANT HOUSING SURVEY

Are you from Gaeltacht na nDéise? Are you between 18 and 44? If so, it is extremely important that you complete this survey without delay. You may think that you would not be eligible to get a house from the council, but it is important to fill out the form regardless.
 
It is necessary to inform Waterford City and County Council that there are young people from the area who wish to remain in Gaeltacht na nDéise, or return home if they have left for work or study, but who cannot do so because there are not enough houses available at present—either to rent or to buy at a reasonable price. The Council needs to be aware of the level of demand for social housing, affordable / reasonably priced housing, or serviced sites at a reasonable price if there is to be any chance of them being able to help solve this problem in the future.
 Please share the link with friends and relatives! https://waterford.submit.com/show/325
Tá an tSuirbhé Tithíochta seo á dhéanamh ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge chun eolas a d’fháilt ar na riachtanais tithíochta timpeall Chontae agus Chathair Phort Láirge. Tabharfaidh an suirbhé seo eolas don gComhairle ar cad go díreach atá ag teastáilt ó thaobh acmhainní, critéir cháilitheachta, saghasanna tithíochta inacmhainne, na háiteanna a dteastaíonn ó dhaoine lonnú iontu agus mar sin de.

 

 

Má tá riachtanas tithíochta agat (nó má tá aithne agat ar dhuine/dhaoine a bhfuil riachtanais tithíochta acu) an féidir leat (leo siúd) an suirbhé seo a líonadh isteach le do thoil – fiú amháin muna gceapann tú (siad siúd) go mbeadh sibh incháilithe do thithíocht inacmhainne? Seo an áit anois do dhaoine a dtuairimí a chur in iúl faoi chúrsaí tithíochta i bPort Láirge, Gaeltacht na nDéise san áireamh – líon isteach an suirbhé ag https://waterford.submit.com/show/325

 

Tá sé tábhachtach go mbeadh guth na Gaeltachta le clos sa tsuirbhé seo, mar sin más féidir leat an scéal a scaipeadh agus iachall a chur ar aoinne gur dóigh leat go mbeadh riachtanais tithíochta acu an suirbhé a líonadh isteach – ní thógfaidh sé ach cúpla nóimint!!