Gaeltacht na nDéise

Fáilte go dtí Gaeltacht na nDéise

Tá Gaeltacht na nDéise lonnaithe in oir-dheisceart grianmhar na tíre, suite cois mara le radharcanna den scoth timpeall gach cúinne. Is iad An Rinn agus an Sean Phobal an dá pharóiste sa Ghaeltacht bheag seo le beagáinín sa bhreis ar 2000 duine ag maireachtaint anseo. Tugann an grá atá sa cheantar don Ghaelainn, don amhránaíocht traidisiúnta agus don cheol beocht ar leith don dúthaigh.

An Ghaelainn & an Cultúr

Tá canúint shainiúil agus ar leith Ghaelainn ag Gaeltacht na nDéise agus tá cáil uirthi mar gheall ar cheol traidisiúnta agus amhránaíocht ar an Sean Nós.

Tá méadú tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar le blianta beaga anuas agus tá os cionn 500 duine anois sa cheantar fíorbheag Gaeltachta seo, idir an Rinn agus an Sean Phobal, a labhraíonn Gaeilge ar bhonn laethúil lasmuigh den chóras oideachais. Bhí (agus tá) ról tábhachtach ag Comhlucht Forbartha na nDéise, tríd an bPlean Gaeilge, ag tacú le grúpaí pobail, coistí, clubanna agus scoileanna áitiúla chun deiseanna rialta agus éagsúla a sholáthar don phobal an Ghaeilge a úsáid mar chuid de shaol an phobail. Úsáid pé Gaeilge atá agat nuair atá tú sa cheantar! 

Is féidir éisteacht le Rí-Amhránaí Éireann, Nioclás Tóibín, agus le neart amhránaithe iontachta ón gceantar ar an suíomh Sean Nós Beo.Is fiú chomh maith dul chuig suíomh Sean Nós TG4 chun éisteacht le amhránaithe ón gceantar.

An Rinn

Faightear áiseanna éagsúla do chuairteoirí sa Rinn le dhá ché ann, ceann i mBaile na nGall agus in Heilbhic. Tá tránna den scoth againn chomh maith. Tá cuid den chósta seo faoi chosaint speisialta agus deiseanna go leor ag daoine gur suim leo an timpeallacht agus éanbhreathnú ach go háirithe.

Buail isteach go Sólás na Mara do Folcadán Trioscair (feamainne) suaimhneach. Smaoinigh ar chuairt a thabhairt ar Ghailearaí Joan Clancy chun an taispáinteas ealaíne is déanaí a fheiscint. Nó tabhair cuairt ar Chriostal na Rinne chun Máistircheardaí a fheiscint i mbun oibre. Dár ndóigh, ní féidir trácht a dhéanamh ar An Rinn gan labhairt faoi Choláiste na Rinne, a bhfuil clú agus cáill air ó thaobh múineadh agus cur chun cinn na Gaelainne de ó 1905 ar aghaidh.

An Sean Phobal

Sa Sean Phobal tú muirdhreach drámatúil ina bhfuil aillte áirde mar aon le roinnt lintéir srutha atá greanta go domhain agus bánna beaga. Meallann an féarach ar na haillte raon leathan éan mara agus sainítear é mar limistéar speisialta caomhantais. Is áit faoi leith é an ceantar do lucht faire éan agus do dhaoine a bhfuil suim acu sa dúlra.

Sa Sean Phobal gheobhaidh tú an Tuama meigiliotach, An Chailleach Béara atá ann ó 2,000 R.C. nó mar sin. Tá an Chailleach Béara ar thalamh príobháideach agus tá cead ón úinear de dhíth chun é a fheiscint. Tá Teach Solais ag Mionn Ard ag tabhairt rabhaidh do loingeas ó 1851, i dtaobh na n-aillte thíos faoi. Tá Reilig an tSléibhe ann chun an Gorta Mór a chur i gcuimhne dúinn, tráth tubaisteach i stair na hÉireann, a ba chúis le go leor básanna ó 1842 ar aghaidh.

Siúlóidí

Tá neart áit i nGaeltacht na nDéise chun dul ag siúl, leat féin, le cairde nó mar theaghlach. Anseo, gheobhaidh tú eolas ar thrí shiúlóid a bheadh oiriúnach do dhuine ar bith, teaghlaigh le leanaí óga ina measc.

Is féidir tabhairt faoi Thóraíocht Taisce spraíúil fad is atá tú i mbun na siúlóidí éagsúla seo – cliceáil ar cheannteideal na siúlóide thíos chun teacht ar an mbileog.

Is féidir na bileóga a phriontáil amach.

An Coinigéar (An Chois)

Is bealach iontach é an tsiúlóid 6km seo ar An Coinigéar i gcónaí chun do chloigeann a ghlanadh agus tú ag siúl ar an ngob gainimh! Bí ag faire amach do na coiníní go léir atá ina gcónaí anseo!

Ceann a’ Bhathala

Tá carrchlós leath bealaigh thart ar an tsiúlóid chiorclach 3.5 km seo atá an-oiriúnach le haghaidh scíthe nó picnice. Bí ag faire amach do radharcanna ar dhá theach solais, ina measc Mionn Ard sa Sean Phobal, an teach solais is airde in Éirinn !

Gleann Anna

Is siúlóid fuinniúil é an siúlóid 3.5 km seo lena n-áirítear turas go dtí an trá chun clocha a scipeáil. Bí ag faire amach roimh dheireadh na siúlóide don gCloch Aifrinn atá sa pháirc chéanna leis an seana-fhothrach Tigín Ghleann Anna nó an Stábla a bhfuil cuma caisleán air!

Cá bhfuilimid suite?

Tá Gaeltacht na nDéise suite go háisiúil idir an dá bhaile bríomhar cois cósta Dún Garbhán agus an Aird Mhór.

Tá baile margaidh Dhún Garbhán suite thart ar 10K soir ó thuaidh ó Ghaeltacht na nDéise agus tá raon leathan de bhialanna agus caiféanna a bhfuil duaiseanna buaite acu lena n-áirítear Bialann an Tannery, Townhouse & Scoil Cócaireachta clúiteach. Tá clú agus cáil ar Dhún Garbhán freisin as a chuan álainn, ina bhfuil go leor árthaí pléisiúir áitiúla agus cuairte. Ag breathnú amach ar an gcuan tá caisleán an Rí Eoin, daingniú Angla-Normannach a bunaíodh sa bhliain 1185.

Tá Dún Garbhán anois aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus tá Plean Teanga i bhfeidhm chun feiceálacht agus úsáid na Gaelainne a leathnú sa bhaile. Is féidir eolas a fháil faoi imeachtaí Gaeilge atá ar siúl sa cheantar ó dungarbhanlegaeilge@gmail.com

Suite thart ar 20k siar ó dheas ó Ghaeltacht na nDéise tá ionad saoire cois farraige álainn na hAirde Móire agus suíomh óstán só Cliff House lena bialann réalta Michelin ‘The House’. Tá cáil ar an Aird Mhór freisin as a thránna áille, a shiopaí ealaíne agus ceardaíochta, cloigtheach Naomh Déaglán ón dara haois déag agus siúlóid na n-aillte lena raon iontach éagsúil de fhlóra agus fána. 

Chun eolas a fháil ar lóistín agus nithe is díol spéise déan teagmháil leis an Oifig Turasóireachta i nDún Garbhán. 

Fón: +353-58-41741

Ríomhphost: info@dungarvantourism.com 

Suíomh: https://www.dungarvantourism.com