Cé muid agus cad a dhéanaimid?
Is é Comhlucht Forbartha na nDéise an comhlacht forbartha pobail agus teanga do Ghaeltacht na nDéise. Cuireadh ar bun é i 2005 chun forbairt pobail agus teanga pobal na Rinne agus pobal an tSean Phobail a thabhairt le chéile agus a chomhordú. Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair ó shin chun tacú le buanú agus neartú na Gaeilge i nGaeltacht na nDéise mar aon le tacú le forbairt acmhainní agus seirbhísí sa cheantar.
Tá Comhlucht Forbartha na nDéise cláraithe mar charthanacht agus mar chuideachta faoi theorainn ráthaíochta.
Uimhir Charthanais Chláraithe: 20159740
An Fhoireann
Na Baill Bhoird
Naonúr atá ar bhord an Chomhluchta, ceathrar ionadaí ón Rinn, ceathrar ón Sean Phobal agus ionadaí neamhspleách ó Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.
Tagann an bord le chéile beagnach uair sa mhí agus é mar aidhm acu forbairt shóisialta, teanga, agus eacnamaíochta an cheantair a chur chun cinn.
Sonraí Teagmhála an Bhoird
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Bord Chomhlucht Forbartha na nDéise ar bordcfnd@gmail.com
Ár gcuid oibre
Tá neart tograí suntasacha a tharla sa cheantar le tacaíocht ón gComhlucht nó le háisitheoireacht an Chomhluchta, mar shampla:
- An Imearlann, an pháirc shúgartha sa Rinn
- An Pháirc Uile Aimsire sa Sean Phobal
- An Páirc Uile Aimsire sa Rinn
- An chomharthaíocht bóthair agus turasóireachta Gaeilge, i gcomhpháirtaíocht le CCCPL.
- Cathaoireacha nua do Halla Colmán & Ionad Pobail na Rinne
- Rampa agus Doras nua do Halla Colmán
- Dífhibrileoirí ar fud na Gaeltachta
- Cothabháil ar Reilig an tSléibhe
- Cothabháil agus feabhsú ar an spás feistis agus an slí isteach chuig Cóbh Heilbhic i gcomhpháirtaíocht le CCCPL.
Bíonn neart imeachtaí iontacha ar siúl sa cheantar a bhíonn ról lárnach ag Comhlucht Forbartha na nDéise iontú nó a bhíonn ar siúl de bharr tacaíocht uainn. Ina measc:
- Tionól Nioclás Tóibín
- Daonscoil na Mumhan
- Campa na Cásca
- Campa Samhraidh an tSean Phobail
- Rógairí na Gaeltachta
- Gligíní
- Ranganna agus Ceardlanna Ceoil do pháistí & daoine óga
- Ceolchoirmeacha an tSean Phobail
- Gníomhaíochtaí seach-churaclaim sa ceithre scoil
- Rás na Rinne
- Céim ar Chéim
- Club Cártaí 45
- Ciorcal Comhrá
- Club Léitheoireachta
- Club Lego
- Tacaíocht do sheirbhísí teaghlaigh Gligíní & Cuideachta i gcomhphairtaíocht le Tuismitheoirí na Gaeltachta
- An Deireadh Seachtaine Teaghlaigh i gcomhpháirtaíocht le Glór na nGael, Coláiste na Rinne agus Dún Garbhán le Gaeilge
- Na hoícheanta Airneáil sa Rinn agus sa Sean Phobal
- Féile Meitheamh, deireadh seachtain lá le imeachtaí do theaghlaigh agus daoine fásta, i gcomhpháirtaíocht le Dún Garbhán le Gaeilge
Tithíocht inacmhainne
Táimid i mbun stocaireachta agus ag obair i dtreo thithíocht inacmhainne le coinníollacha teanga a fhorbairt i nGaeltacht na nDéise ó 2018. Bhunaíomar Meitheal Tithíochta agus bhí plé leanúnach againn le hÚdarás na Gaeltachta agus le Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, agus moltaí curtha againn chucu ó shin i leith. Bhí áthas orainn nuair a d’fhógair Údarás na Gaeltachta i Nollaig 2023 go raibh cinneadh déanta tabhairt faoi fhorbairt tithíochta le coinníollacha teanga ar thailte an Údaráis i mBaile na nGall, An Rinn. Faraor, níl aon dul chun cinn déanta ina leith ó shin. Táimid páirteach i Tinteán, an Feachtas Náisiúnta Tithíochta Gaeltachta ó 2024.
Ionad Fiontraíochta & Pobail
Thosaíomar i mbun plé le hÚdarás na Gaeltachta ag tús 2024 maidir le forbairt Ionad Fiontraíochta agus Pobail sa cheantar. D’oibraíomar i gcomhpháirtaíocht le Údarás na Gaeltachta agus gnóthaí áitiúla eile chun pleananna a fhorbairt agus a aontú. Tá súil againn é a bheith ullamh go luath i 2026 chun dul i dtreo cead pleanála.
Turasóireacht
Is pobal Gaeltachta gníomhach é Gaeltacht na nDéise ina bhfuil an teanga, an cultúr agus an oidhreacht lárnach ann. Tá Comhlucht Forbartha na nDéise mar áis lárnach chun tacú le cuairteoirí eolas a fháil faoin gceantar idir cá háit le fanacht, cá háit le dul, cad atá ar siúl, agus cad atá le déanamh. Buail isteach chuig an oifig le haghaidh Céad Míle Fáilte. X35 XW29