Bricfeasta le Gaeilge & Bricfeasta na Nollag 2023 – Bhí sé Blasta & Gaeltach!

Tháinig pobal Ghaeltacht na nDéise le chéile chun bricfeasta a ithe agus Gaeilge a labhairt i dTigh Mooney’s faoi dhó i Mí na Samhna agus Mí na Nollag. Bhí 48 duine ar an gcéad ócáid agus bhí sa bhreis ar 80 duine ag Bricfeasta na Nollag. Bhí na hócáidí thar a bheith speisialta. Ag an gcéad imeacht bhí péintéir aghaidhe i láthair agus bhí Daidí na Nollag agus an Draíodóir Quentin Reynolds ann do Bhricfeasta na Nollag. Bhí meascán idir óg agus aosta ann. Bhí craic iontach againn agus bhí neart Gaeilge le cloisteáil.
Má thá suim agat a bheith páirteach i rith 2024,  bí i dteagmháil linn ar optnandeise@gmail.com nó 0877219721
Bhí na hócáidí seo eagraithe agus maoinithe ag Comhlucht Forbartha na nDéise faoi Plean Teanga Ghaeltacht na nDéise chun breis deiseanna a chur ar fáil do phobal an cheantart teacht le chéile trí Ghaeilge.