CNB

Is é misean CNB an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga i dtimpeallacht spreagúil trí dheiseanna a chur ar fáil chun an Ghaeilge a úsáid mar theanga bheo i suíomh sóisialta. Trí chúrsaí, clubanna óige, imeachtaí agus gníomhaíochtaí a reáchtáil, díríonn CNB ar chúnamh a thabhairt do dhaoine óga a líofacht agus a muinín i labhairt na Gaeilge a fhorbairt agus grá agus meas ar ár dteanga dhúchais a chothú iontu freisin. Tá trí aonán i CNB: Coláiste na bhFiann, Cumann na bhFiann agus Ionad Óige na hÉireann.

Tá gach eolas faoi coláistí samhraidh Choláiste na bhFiann ar fáil ANSEO

Tá gach eolas faoi clubanna óige Chumann na bhFiann ar fáil ANSEO

Tá gach eolas faoi Ionad Óige na hÉireann,  an chéad ionad lán-Ghaeilge do dhaoine óga in Éirinn ar fáil ANSEO.

URL: https://www.cnb.ie