Deireadh Seachtaine lán le Spraoi

Bhí teacht le chéile álainn ar siúl i gColáiste na Rinne ar 23-25 Feabhra 2024 do theaghlaigh atá ag tógail páistí le Gaeilge.

Bhí teaghlaigh ó gach carn den tír páirteach idir Co. Chorcaigh, Co. Chiarraí, Co. Cheatharlach, Co. Chill Dara, Co. Chill Mhantáin, Co Luimnigh agus Co. Bhaile Átha Cliath, mar aon le teaghlaigh ó Ghaeltacht na nDéise & Dún Garbhán. D’fhan sé theaghlach déag sa cheantar don deireadh seachtaine agus bhí seacht dteaghlach déag sa bhreis ar seo a tháinig i rith an lae.

Thug an deireadh seachtaine deis do theaghlaigh atá ag tógail páistí le Gaeilge fud fad na tíre líonrú lena chéile agus blaisín beag de chanúint agus cultúir na nDéise a fháil mar aon le eolas a fháil faoin gceantar álainn Gaeltachta seo.

Bhí meascán mór imeachtaí iontacha ar siúl  a bhí oiriúnach do theaghlaigh le páistí ar aoiseanna éagsúla. Tháinig aiseolas fíor dhearfach ó na teaghlaigh go léir a bhí párteach. Ba mhaith le Comhlucht Forbartha na nDéise buíochas a ghabháil le Glór na nGael & Coláiste na Rinne as an deis comhoibriú leo chun an deireadh seachtaine imeachtaí seo a chur ar siúl. Tá buíochas ag dul chomh maith le Dún Garbhán le Gaeilge a ucht an tacaíocht a thug siad dúinn i rith an deireadh seachtaine agus do Sclimpíní, banna ceoil Meánscoil San Nioclás a chuir ceolchoirm ar ard chaighdeán ar siúl dúinn.

A weekend of Fun through Irish for Families.

Thirty Four families raising children through Irish from throughout the country gathered together in Gaeltacht na nDéise in February 2024 for a weekend full of fun. The weekend provided families with the opportunity to get to know each other and to get a small taste of the dialect and culture of the Co Waterford Gaeltacht, as well as an opportunity to see this beautiful, picturesque part of the country. The weekend was organised collaboratively by Glór na nGael, Coláiste na Rinne & Comhlucht Forbartha na nDéise, with support from Dún Garbhán le Gaeilge and an amazing concert from Sclimpíní, the Meánscoil San Nioclás band.