Foras na Gaeilge

Faoi réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, tá Foras na Gaeilge freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann. Tacaíonn Foras na Gaeilge le roinnt grúpaí agus eagraíochtaí, ina measc na sé cheanneagraíocht atá aitheanta chun an Ghaeilge a chur chun cinn thar 32 contae.  Tá sé mar aidhm ag an bhForas maoiniú, deontais agus scéimeanna a chur ar fáil don phobal a thacaíonn leis an teanga a chur chun cinn.

I measc na scéimeanna maoinithe atá ag Foras na Gaeilge tá an Scéim Tacaíochta Gnó. Tá gach eolas faoin scéim seo agus na tacaíochtaí atá ar fáil do ghnóthaí ó Foras na Gaeilge ar fáil ANSEO.

URL: https://www.forasnagaeilge.ie