Údarás na Gaeltachta

Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo, le cois í a thabhairt mar oidhreacht don chéad ghlúin eile, an bunchuspóir atá le polasaí Údarás na Gaeltachta. Déanann an tÚdarás gach iarracht an cuspóir seo a bhaint amach trí fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh chruthaithe fostaíochta a chothú agus a mhaoiniú, chomh maith le tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí pobail, cultúrtha agus teangabhunaithe.

Cuireann Údarás na Gaeltachta maoiniú ar fáil do Chomhlucht Forbartha na nDéise chun Plean Teanga Ghaeltacht na nDéise a chur i bhfeidhm. Cuireann siad deontas reáchtála ar fáil dúinn chomh maith chun tacú linn feidhmiú mar chomhlucht agus chun tacú le forbairtí pobail agus eile i nGaeltacht na nDéise.

URL: https://udaras.ie