Gael Linn

Is í príomhaidhm na heagraíochta ná an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur chun cinn ar fud na hÉireann i réimsí polasaí agus pobail, mar theanga bheo agus mar spreagadh féiniúlachta. Cuimsíonn gníomhchlár Gael Linn trí phríomhréimse; an réimse oideachais, gníomhaíochtaí chun tácú le húsáid na Gaeilge agus réimse gnó na heagraíochta.

Tá Gael Linn ar cheann den sé cheanneagraíocht atá aitheanta ag Foras na Gaeilge san earnáil dheonach. Sa chomhthéacs sin, is iad na mór-réimsí oibre ná: Oideachas in Earnáil an Bhéarla agus d’Aosaigh, agus Deiseanna Úsáide do Dhaltaí Scoile.

Tugann an scéim Gaelbhratach, atá faoi chúram Gael Linn deiseanna nádúrtha do dhaltaí i mbunscoileanna agus meánscoileanna de gach saghas fud fad na tíre chun an Ghaeilge a labhairt taobh amuigh den seomra ranga, bíodh é i scoileanna ina bhfuil gá le beocht a athchur sa teanga, go Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Tá eolas faoi Gaelbhratach ar fáil ANSEO.

URL: https://www.gael-linn.ie