Tuismitheoirí na Gaeltachta

Tugann Tuismitheoirí na Gaeltachta cúnamh agus tacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh. Tá Pacáiste Tacaíochta ar fáil do theaghlaigh, mar aon le réimse leathan imeachtaí fud fad na Gaeltachta. Más spéis leat a bheith páirteach le Tuismitheoirí na Gaeltachta sa Ghaeltacht, cliceáil ANSEO chun do theaghlach a chlárú.

Bíonn Comhlucht Forbartha na nDéise, tríd an bPlean Teanga ag comhoibriú le Tuismitheoirí na Gaeltachta ar Gligíní, grúpa do thuismitheoirí le leanaí óga agus Cuideachta, clár imeachtaí do teaghlaigh le comhluadar, spraoi agus pacáistí d’acmhainní úsáideacha a chur ar fáil do theaghlaigh i nGaeltacht na nDéise.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Tuismitheoirí na Gaeltachta tríd ríomhphoist chuig: eolas@tuismitheoiri.ie.

Tá an Pacáiste Tacaíochta Teanga ar fáil saor in aisce do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge fud fad na tíre, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Is pacáiste aon uaire é an Pacáiste Tacaíochta Teanga, níl cead cur isteach air faoi dhó. Is féidir gach eolas faoin bPacáiste Tacaíochta Teanga do theaghlaigh atá ag tógáil páistí le Gaeilge a fháil ANSEO

URL: http://tuismitheoiri.ie